+Airteagal 3 Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.

Airteagal 3 Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéantar fógraíocht orthu trína gcórais maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
Airteagal 3 2.
Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú do chineálacha éagsúla córas trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe, córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha agus córais trádála do cheantáil thréimhsiúil.
Airteagal 3 3.
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, rochtain a sholáthar ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in EFTanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 14.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas