+Airteagal 8a Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith díorthach
---+Airteagal 8a 1.
---+Airteagal 8a 2.
---+Airteagal 8a 3.
---+Airteagal 8a 4.
|
Airteagal 8a Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith díorthach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8a 1.
|
Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh a bhfuil margadh rialáilte á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
|
|
Airteagal 8a 2.
|
Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil OTF nó MTF á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le díorthaigh thar an gcuntar atá ainmnithe in euro, yen na Seapáine, dollar Mheiriceá nó puint steirling agus go bhfuil an méid seo a leanas i gceist:
(a)
tá siad faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déantar iad a imréiteach go lárnach, agus, i ndáil le díorthaigh ráta úis, tá aibíocht de 1, 2, 3, 5, 7, 10, 12, 15, 20, 25 nó 30 bliain acu a comhaontaíodh de réir conartha;
(b)
is babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm iad a thagraíonn do bhanc domhanda a bhfuil tábhacht chórasach leis agus a imréitítear go lárnach; nó
(c)
is babhtálacha mainneachtana creidmheasa iad a thagraíonn d’innéacs ina gcuimsítear bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht chórasach leo agus a imréitítear go lárnach.
Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
|
|
Airteagal 8a 3.
|
Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála.
|
|
Airteagal 8a 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun mír 2, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, a leasú a mhéid a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar faoi réir na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos san fhomhír sin i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|