+Airteagal 22a Sonraí a tharchur chuig an CTP
---+Airteagal 22a 1.
---+Airteagal 22a 2.
---+Airteagal 22a 3.
---+Airteagal 22a 4.
---+Airteagal 22a 5.
---+Airteagal 22a 6.
---+Airteagal 22a 7.
---+Airteagal 22a 8.
|
Airteagal 22a Sonraí a tharchur chuig an CTP
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22a 1.
|
Déanfaidh ionaid trádála agus APAnna (“rannchuiditheoirí sonraí”), maidir le scaireanna, ETFanna agus bannaí a thrádáiltear ar ionad trádála, agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), na sonraí rialála agus na sonraí a cheanglaítear de bhun Airteagal 3(1) a tharchur chuig lárionad sonraí an CTP, chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, gan dochar d’Airteagal 4, agus de bhun Airteagal 6(1), Airteagal 10(1) agus Airteagail 20 agus 21, agus, i gcás ina nglacfar caighdeáin theicniúla rialála de bhun Airteagal 22b(3), pointe (d), i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear ann. Déanfar na sonraí sin a tharchur i bhformáid chomhchuibhithe, trí phrótacal tarchurtha d’ardchaighdeán.
|
|
Airteagal 22a 2.
|
Gnólacht infheistíochta a bhfuil margadh fáis FBManna á oibriú aige, nó oibreoir margaidh arb ionann méid bliantúil a scaireanna agus 1 % nó níos lú de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas, ní cheanglófar air a chuid sonraí a tharchur chuig CTP i gcás:
(a)
nach bhfuil an gnólacht infheistíochta ná an t-oibreoir margaidh sin ina chuid de ghrúpa ina bhfuil gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh, nó ag a bhfuil dlúthnaisc le gnólacht infheistíochta nó le hoibreoir margaidh, arb ionann méid bliantúil a scaireanna agus níos mó ná 1 % de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas; nó
(b)
inarb ionann an margadh rialáilte nó an margadh fáis FBManna atá á oibriú ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh sin agus níos mó ná 85 % de mhéid trádála bliantúil na scaireanna a ligeadh isteach chun a dtrádála ar an margadh rialáilte sin nó ar an margadh fáis FBManna sin ar dtús.
|
|
Airteagal 22a 3.
|
D’ainneoin mhír 2, féadfaidh gnólacht infheistíochta a bhfuil margadh fáis FBManna á oibriú aige, nó oibreoir margaidh, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin, a chinneadh sonraí a tharchur chuig an CTP i gcomhréir le mír 1, ar choinníoll go dtugann sé fógra do ÚEUM agus don CTP dá réir. Tosóidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh den sórt sin ar shonraí a tharchur chuig an CTP laistigh de 30 lá oibre ó dháta an fhógra chuig ÚEUM.
|
|
Airteagal 22a 4.
|
Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin agus coinneoidh sé cothrom le dáta liosta de na gnólachtaí infheistíochta a bhfuil margaí fáis FBManna á n-oibriú acu agus d’oibreoirí margaidh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, ag léiriú cé acu díobh a chinn mír 3 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 22a 5.
|
Roghnóidh gach CTP, as measc na gcineálacha prótacal tarchurtha a thairgeann na rannchuiditheoirí sonraí d’úsáideoirí eile, cén prótacal tarchuir a úsáidfear chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a tharchur go díreach chuig lárionad sonraí an CTP.
|
|
Airteagal 22a 6.
|
Ní bhfaighidh rannchuiditheoirí sonraí aon luach saothair as na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur ná as an bprótacal tarchurtha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, seachas an t-ioncam a gheofar de bhun Airteagal 27h(5), (6) agus (7).
|
|
Airteagal 22a 7.
|
Cuirfidh rannchuiditheoirí sonraí, i gcás inarb infheidhme, na hiarchuir a leagtar síos in Airteagail 7, 11 agus 11a, Airteagal 20(2) agus Airteagal 21(4) i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur chuig an CTP.
|
|
Airteagal 22a 8.
|
I gcás ina measfaidh an CTP nach leor cáilíocht na sonraí, tabharfaidh sé fógra dá réir d’údarás inniúil an rannchuiditheora sonraí. Déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is gá i gcomhréir le hAirteagal 38g den Rialachán seo agus le hAirteagail 69 agus 70 de Threoir 2014/65/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|