+Airteagal 23 Oibleagáid trádála do ghnólachtaí infheistíochta
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
|
Airteagal 23 Oibleagáid trádála do ghnólachtaí infheistíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Áiritheoidh gnólacht infheistíochta go ndéanfar na trádálacha a ghabhann sé de láimh i scaireanna a bhfuil Uimhir Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús (ISIN) an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) acu, agus a thrádáiltear ar ionad trádála, ar mhargadh rialáilte, ar MTF, ar inmheánaitheoir córasach nó ar ionad trádála tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 25(4), pointe (a), de Threoir 2014/65/AE, de réir mar is iomchuí, mura rud é:
(a)
go ndéantar na scaireanna sin a thrádáil ar ionad tríú tír san airgeadra áitiúil nó in airgeadra nach airgeadra LEE é; nó
(b)
go ndéantar na trádálacha sin idir contrapháirtithe incháilithe, idir contrapháirtithe gairmiúla nó idir contrapháirtithe incháilithe agus contrapháirtithe gairmiúla, agus nach gcuireann siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Maidir le gnólacht infheistíochta a fheidhmeoidh mar chóras meaitseála inmheánach a fhorghníomhóidh orduithe cliant i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar bhonn iltaobhach, ní mór di a áirithiú go mbeidh sí údaraithe mar MTF faoi Threoir 2014/65/AE agus go gcomhlíonfaidh sí na forálacha uile a bhaineann leis na húdaruithe sin.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun saintréithe sonracha na n-idirbheart sin a shonrú i scaireanna nach gcuirfidh leis an bpróiseas praghas-aimsithe dá dtagraítear i mír 1, agus cásanna a chur san áireamh amhail:
(a)
trádáil leachtachta nach féidir aghaidh a thabhairt uirthi; nó
(b)
i gcás ina gcinnfear malartú na n-ionstraimí airgeadais sin le tosca seachas luacháil reatha na hionstraime airgeadais ar an margadh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|