|
+Airteagal 23a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach |
Airteagal 23a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair EorpachAirteagal 23a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(6), Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagail 18(4) agus 27(1), Airteagal 34, Airteagail 40(5) agus 42(5), 44(2), 45(6) agus Airteagal 48 den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ). Is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA. Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|