Coimeádfaidh gnólachtaí infheistíochta faoi réir an údaráis inniúil, ar feadh cúig bliana, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú agus le gach idirbheart in ionstraimí airgeadais a bheidh curtha i gcrích acu, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son cliaint. I gcás idirbheart a chuirfear i gcrích ar son cliant, beidh sna taifid an fhaisnéis agus na mionsonraí uile a bhaineann le céannacht an chliaint, agus an fhaisnéis is gá faoi Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
). Féadfaidh ÚEUM rochtain ar an bhfaisnéis sin a iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.