|
+Airteagal 27 3. |
Airteagal 27 3.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a)
caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar do ÚEUM agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;
(b)
bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2;
(c)
an dáta a bhfuil na sonraí tagartha le tuairisciú faoi. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á ndréachtú ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|