|
+Airteagal 27 4. |
Airteagal 27 4.Féadfaidh ÚEUM na hoibleagáidí tuairiscithe a shonraítear i mír 1 a chur ar fionraí i gcás ionstraimí airgeadais áirithe nó i gcás na n-ionstraimí airgeadais go léir ach na tosca uile seo a leanas a bheith ann:
(a)
tá an fhionraí riachtanach chun sláine agus cáilíocht na sonraí tagartha a chaomhnú faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe mar a shonraítear i mír 1, rud a d’fhéadfadh a bheith i mbaol de dheasca aon cheann de na nithe seo a leanas:
(i)
neamhiomláine thromchúiseach, míchruinneas nó truailliú na sonraí arna gcur isteach, nó
(ii)
i gcás nach mbeidh rochtain thráthúil ar na córais lena ndéanann ÚEUM, údaráis inniúla náisiúnta, bonneagair mhargaidh, córais imréitigh agus socraíochta, agus rannpháirtithe tábhachtacha margaidh na sonraí tagartha lena mbaineann a chur isteach, a bhailiú, a phróiseáil nó a stóráil, nó i gcás ina mbeidh cur isteach nó damáiste déanta ar fheidhmiú na gcóras sin;
(b)
nach rachaidh na ceanglais rialála atá infheidhme i ngleic leis an mbaol;
(c)
nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an bhfionraí ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;
(d)
nach gcruthóidh an fhionraí arbatráiste rialála. Agus an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh a mhéid a áirithíonn an beart cruinneas agus iomláine na sonraí arna dtuairisciú chun na gcríoch atá sonraithe i mír 2. Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shonrú ghlacadh agus na himthosca ina scoirfidh an fhionraí dá dtagraítear san fhomhír sin d’fheidhm a bheith aige. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|