+Airteagal 27d Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh ARManna agus APAnna a dheonú agus a dhiúltú
---+Airteagal 27d 1.
---+Airteagal 27d 2.
---+Airteagal 27d 3.
---+Airteagal 27d 4.
---+Airteagal 27d 5.
|
Airteagal 27d Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh ARManna agus APAnna a dheonú agus a dhiúltú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27d 1.
|
An APA nó ARM atá ina iarratasóir, cuirfidh sé iarratas isteach ina mbeidh an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go mbeidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, in ann a dhearbhú go bhfuil na socruithe go léir atá riachtanach curtha i bhfeidhm ag an APA nó an ARM, tráth an údaraithe tosaigh, chun a oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Teidil seo, lena n-áirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.
|
|
Airteagal 27d 2.
|
Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, measúnú i dtaobh cibé an bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán. Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, spriocdháta síos faoina mbeidh ar an APA nó an ARM faisnéis bhreise a sholáthar. Tar éis dó a mheas go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, fógra don APA nó don ARM dá réir.
|
|
Airteagal 27d 3.
|
Déanfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, faoi cheann 6 mhí ón uair a fhaightear iarratas iomlán, meastóireacht ar chomhlíontacht an APA nó an ARM leis an Teideal seo. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú, agus cuirfidh sé an APA nó ARM is iarratasóir ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá tar éis é a ghlacadh.
|
|
Airteagal 27d 4.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear:
(a)
an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil dó faoi mhír 1, lena n-áirítear an clár oibríochtaí;
▼M8
(b)
an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) a mhéid a bhaineann le APAnna agus ARManna.
▼M3
Déantar de chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 27d 5.
|
►M8
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis atá le tabhairt de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) maidir le APAnna agus ARManna a chinneadh. ◄
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|