|
+Airteagal 28 5. |
Airteagal 28 5.Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha acu laistigh den Aontas agus na cásanna inar gá nó inarb iomchuí an oibleagáid trádála chun cosc a chur le himghabháil aon fhoráil den Rialachán sin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, beidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír sin comhionann leis na cinn sin arna nglacadh faoi Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|