►M8
Sainaithneoidh ÚEUM agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 2 agus i ndiaidh comhairliúchán poiblí a sheoladh, na haicmí díorthaigh nó na conarthaí díorthaigh aonair ba cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán, ach nach mbeidh údarú faighte ag aon CCP fós ina leith de bhua Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
◄
Tar éis fógra ó ÚEUM dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún glaoch ar fhorbairt tograí a fhoilsiú maidir leis na díorthaigh sin a thrádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1).