|
+Airteagal 32a 1. |
Airteagal 32a 1.Arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28 (“an oibleagáid trádála díorthach”) a chur ar fionraí maidir le contrapháirtithe airgeadais áirithe, i gcás inarb iomchuí tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM. Léireoidh an t-údarás inniúil na fáthanna a measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí. Léireoidh an t-údarás inniúil, go háirithe, go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist le contrapháirtí airgeadais faoina dhlínse:
(a)
gníomhaíonn sé go tráthrialta mar chruthaitheoir margaidh i ndíorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach agus faigheann sé iarrataí go tráthrialta ar luachan le haghaidh na ndíorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach ó chontrapháirtí neamh-LEE nach bhfuil aon chomhaltas gníomhach aige ar ionad trádála LEE a thairgeann trádáil sa díorthach thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach; nó
(b)
gníomhaíonn sé go tráthrialta mar chruthaitheoir margaidh i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach agus:
(i)
tá sé ar intinn aige babhtálacha mainneachtana creidmheasa a thrádáil faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach ar a chuntas féin ar ionad trádála nach mbeidh oscailte ach do chontrapháirtithe ar comhaltaí imréitigh CCP iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (ionad “déileálaí le déileálaí”);
(ii)
tá sé ar intinn aige babhtálacha mainneachtana creidmheasa faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach a thrádáil ar a chuntas féin le contrapháirtí ar cruthaitheoir margaidh é agus nach bhfuil aon chomhaltas gníomhach aige ar ionad LEE déileálaí le déileálaí a thairgeann trádáil i ndíorthaigh thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach; agus
(iii)
imréitíonn sé na babhtálacha mainneachtana creidmheasa sin i CCP atá údaraithe nó aitheanta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|