+Airteagal 38b Iarraidh ar fhaisnéis
---+Airteagal 38b 1.
---+Airteagal 38b 2.
---+Airteagal 38b 3.
---+Airteagal 38b 4.
---+Airteagal 38b 5.
|
Airteagal 38b Iarraidh ar fhaisnéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38b 1.
|
Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:
(a)
APA, CTP, ARM i gcás inarb é ÚEUM a dhéanann maoirseacht orrthu, agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála chun seirbhísí tuairiscithe sonraí APA, CTP nó ARM a oibriú, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;
(b)
bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)
iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);
|
|
Airteagal 38b 2.
|
Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n-iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 38h, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 38b 3.
|
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh di;
(e)
a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
a shonrú cén tsuim a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 38h, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a thabhairt le fios cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 38b 4.
|
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis a iarradh. Dlíodóirí a bhfuil an t-údarú cuí acu chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 38b 5.
|
Déanfaidh ÚEUM, gan mhoill mhíchuí, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil Bhallstát na ndaoine dá dtagraítear i mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|