+Airteagal 38c Imscrúduithe ginearálta
---+Airteagal 38c 1.
---+Airteagal 38c 2.
---+Airteagal 38c 3.
---+Airteagal 38c 4.
---+Airteagal 38c 5.
---+Airteagal 38c 6.
|
Airteagal 38c Imscrúduithe ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38c 1.
|
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, sonraí, nósanna imeachta agus ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;
(b)
cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
|
|
Airteagal 38c 2.
|
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin, sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38h i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 38c 3.
|
Ceanglaítear ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) géilleadh d’imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
|
|
Airteagal 38c 4.
|
I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 38c 5.
|
Más gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
|
|
Airteagal 38c 6.
|
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
(a)
an cinneadh a ghlac ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 gur cinneadh barántúil é;
(b)
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aon deonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|