+Airteagal 38 g Bearta maoirseachta ÚEUM
---+Airteagal 38 g 1.
---+Airteagal 38 g 2.
---+Airteagal 38 g 3.
|
Airteagal 38 g Bearta maoirseachta ÚEUM
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 g 1.
|
►M8
I gcás ina bhfaigheann ÚEUM amach nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38b(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 20 go 22c, ná i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas: ◄
(a)
cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;
(b)
cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i;
(c)
fógraí poiblí a eisiúint.
|
|
Airteagal 38 g 2.
|
Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inluaite leis an sárú ar shlí eile;
(c)
an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(g)
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, chomh fada agus is féidir iad a dhéanamh amach;
(h)
an leibhéal comhoibre atá ann idir an duine atá freagrach as an sárú agus ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
|
|
Airteagal 38 g 3.
|
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin roimh cheann 10 lá oibre ón dáta a tógadh é. Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|