+Airteagal 38n Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht
---+Airteagal 38n 1.
---+Airteagal 38n 2.
---+Airteagal 38n 3.

Airteagal 38n Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38n 1.
Gearrfaidh ÚEUM táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 38o.
Airteagal 38n 2.
Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar leith, cumhdófar leis sin na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí údaraithe agus maoirseachta maidir leis an soláthraí sin. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.
Airteagal 38n 3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 leis an Rialachán seo a fhorlíonadh faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas