|
+Airteagal 42 2. |
Airteagal 42 2.Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha:
(a)
ceann amháin díobh seo a leanas:
(i)
gur ábhar imní ó thaobh cosanta infheisteoirí atá i dtaisce struchtúraithe nó i ngníomhaíocht nó i gcleachtas nó go gcuirfidhsiad feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine i mbaol laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad; nó
(ii)
go mbeidh éifeacht dhochrach ag díorthach ar an sásra socraithe praghsanna sa bhunmhargadh;
(b)
nach dtabharfaidh na ceanglais reatha rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais, leis an taisce struchtúraithe nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus nárbh fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist trí mhaoirseacht fheabhsaithe nó trí na ceanglais reatha a fhorfheidhmiú;
(c)
go mbeidh an ghníomhaíocht comhréireach agus na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhéadfaidh ionstraimí airgeadais, taisce struchtúraithe nó gníomhaíocht nó cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;
(d)
go mbeidh an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh;
(e)
nach mbeidh tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile; agus
(f)
go mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, i gcás ina gcuirfidh ionstraim airgeadais nó gníomhaíocht nó cleachtas feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh talmhaíochta fhisicigh faoi bhagairt thromchúiseach. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint. Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|