+Airteagal 16 1.
|
Airteagal 16 1.
De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh SSIanna leanúint, go dtí an 1 Lúnasa 2014, d’idirbhearta íocaíochta in euro atá i bhformáidí atá éagsúil ó na formáidí is gá le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo. Is ón 2 Lúnasa 2014 a chuirfidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 6(1) agus (2) i bhfeidhm, rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 11. De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SSIanna, go dtí an 1 Feabhra 2016, seirbhísí tiontaithe le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta a chur ar fáil do USIanna, a chuirfidh ar chumas USIanna ar tomhaltóirí iad leanúint de BBAN a úsáid in ionad an aitheantóra cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn ar choinníoll go n-áirithítear an idir-inoibritheacht trí BBAN an íocóra agus an íocaí a thiontú go teicniúil agus go slán go dtí an t-aitheantóir cuntais íocaíochta ábhartha atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn. Déanfar an t-aitheantóir cuntais íocaíochta sin a sheachadadh chuig an USI a thionscain an t-idirbheart, i gcás inarb iomchuí sula ndéantar an íocaíocht. I gcás den sórt sin, ní thoibheoidh SSIanna aon mhuirir ná táillí eile ar an USI atá bainteach go díreach ná go hindíreach leis na seirbhísí tiontaithe sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|