+Airteagal 10 5.

Airteagal 10 5.

Sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na heilimintí seo a leanas, a thaispeánfar tar éis na heilimintí a liostaítear i mír 3 a dheighilt go suntasach uathu:

(a) 

an cineál creidmheasa;

(b) 

na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas;

(c) 

i gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta agus, i gcás ina mbeidh fáil air sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir le gach ráta iasachta tosaigh, chomh maith leis na tréimhsí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú;

▼C1

(d) 

i gcás ina soláthraítear le comhaontú creidmheasa bealaí tarraingthe anuas éagsúla le muirir nó rátaí iasachta éagsúla agus ina n-úsáideann an creidiúnaí an toimhde a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Cuid II, pointe (c), léiriú go bhféadfaidh rátaí céatadánacha bliantúla muirir atá níos airde a bheith mar thoradh ar shásraí tarraingthe anuas eile maidir leis an gcineál comhaontaithe creidmheasa sin;

▼B

(e) 

i gcás inarb infheidhme, na muirir i leith cuntas éigeantach amháin nó níos mó a choinneáil ar bun ina ndéantar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh, na muirir i leith modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, aon mhuirear eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa, agus na coinníollacha faoina bhféadfar aon cheann de na muirir sin a athrú;

(f) 

sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a léirítear trí shampla ionadaíoch ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh; i gcás ina mbeidh an creidiúnaí curtha ar an eolas ag an tomhaltóir faoi chomhpháirt amháin nó níos mó dá chreidmheas tosaíochta nó dá creidmheas tosaíochta, mar shampla fad an chomhaontaithe creidmheasa agus an méid iomlán creidmheasa, cuirfidh an creidiúnaí na comhpháirteanna sin san áireamh;

(g) 

i gcás inarb infheidhme, aon chostas is iníoctha ag an tomhaltóir le nótaire ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(h) 

an oibleagáid, más ann, conradh seirbhíse coimhdí a dhéanamh a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, i gcás ina bhfuil tabhairt i gcrích an chonartha sin éigeantach chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith;

(i) 

i gcás inarb infheidhme, na hurraí a cheanglaítear;

(j) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an gcaoi a gcinnfear cúiteamh an chreidiúnaí i gcás aisíocaíocht luath;

(k) 

ceart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(6), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(l) 

ceart an tomhaltóra, mar a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, go soláthrófaí cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa dó nó di, arna iarraidh sin, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile agus saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí, tráth na hiarrata, toilteanach dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;

(m) 

i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch, lena n-áirítear próifíliú;

(n) 

i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(o) 

deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

(p) 

rabhadh agus míniú maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh na ngealltanas eile atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa sonrach;

(q) 

sceideal aisíocaíochta ina bhfuil na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile thar thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí le haghaidh aon seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a dhíoltar go comhuaineach, trína mbunaítear íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí, i gcás ina mbeidh feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, ar athruithe réasúnacha aníos ar an ráta iasachta.

I gcás ina ndéantar tagairt sa chomhaontú creidmheasa do thagarmharc mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), sonrófar ainm an tagarmhairc sin agus a riarthóra agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an tagarmharc sin ar an tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh a fhéadfar a chur i gceangal leis an bhfoirm maidir le Fáisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas