|
+Airteagal 12 1. |
Airteagal 12 1.Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar chreidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa mínithe leordhóthanacha a sholáthar don tomhaltóir ar na comhaontuithe creidmheasa a bheartaítear agus aon seirbhísí coimhdeacha a fhágann gur féidir leis an tomhaltóir a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil na comhaontuithe creidmheasa a bheartaítear agus na seirbhísí coimhdeacha oiriúnaithe do riachtanais agus do staid airgeadais an tomhaltóra. Cuirfear mínithe den sórt sin ar fáil saor in aisce agus sula dtabharfar an comhaontú creidmheasa i gcrích. Áireofar na heilimintí seo a leanas sna mínithe:
(a)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 38;
(b)
saintréithe fíor-riachtanacha an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear;
(c)
na héifeachtaí sonracha a fhéadfaidh a bheith ag an gcomhaontú creidmheasa nó na seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear ar an tomhaltóir, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bheadh ann dá mainneodh an tomhaltóir san íocaíocht nó dá n-íocfadh sé go déanach;
(d)
i gcás ina bhfuil seirbhísí coimhdeacha cuachta le comhaontú creidmheasa, cibé acu is féidir nó nach féidir gach comhpháirt den chuach a fhoirceannadh ar leithligh agus na hiarmhairtí a bheadh ann don tomhaltóir mar gheall ar an bhfoirceannadh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|