|
+Airteagal 18 8. |
Airteagal 18 8.I gcás ina mbeidh úsáid próiseáil uathoibríoch sonraí pearsanta i gceist leis an measúnú acmhainneachta creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag an tomhaltóir idirghabháil dhaonna an chreidiúnaí a iarraidh agus a fháil ón gcreidiúnaí, arb é a bheidh ann an ceart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
míniú soiléir agus intuigthe ar an measúnú acmhainneachta creidmheasa a iarraidh agus a fháil ón gcreidiúnaí, lena n-áirítear míniú ar an loighic agus ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil uathoibríoch ar shonraí pearsanta chomh maith lena tionchar agus lena héifeachtaí ar an gcinneadh;
(b)
tuairim an tomhaltóra féin a chur in iúl don chreidiúnaí; agus
(c)
athbhreithniú ar an measúnú ar an acmhainneacht creidmheasa agus an cinneadh maidir leis an gcreidmheas a dheonú ag an gcreidiúnaí a iarraidh. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoin gceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|