+Airteagal 21 Faisnéis atá le cur san áireamh sa chomhaontú creidmheasa
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
|
Airteagal 21 Faisnéis atá le cur san áireamh sa chomhaontú creidmheasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar na heilimintí uile seo a leanas a shonrú ar bhealach soiléir agus gonta sa chomhaontú creidmheasa:
(b)
céannachtaí, seoltaí geografacha, uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist na bpáirtithe conarthacha agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh geografach an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;
(c)
an méid iomlán creidmheasa agus na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas;
(d)
fad an chomhaontaithe creidmheasa;
(e)
i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;
(f)
an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile i gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta agus, i gcás ina mbeidh fáil air sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir le gach ráta iasachta tosaigh, chomh maith leis na tréimhsí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú;
(g)
ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a ríomhtar tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích agus léiriú ar na toimhdí uile a úsáidtear sa ríomh sin;
(h)
méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;
(i)
i gcás ina bhfuil amúchadh caipitil ar chomhaontú creidmheasa lena ngabhann fad seasta i gceist, tagairt do cheart an tomhaltóra ráiteas cuntais i bhfoirm tábla amúchta a fháil, arna iarraidh sin agus saor in aisce, tráth ar bith i rith fhad an chomhaontaithe creidmheasa;
(j)
i gcás ina mbeidh muirir agus ús le híoc gan amúchadh caipitil, ráiteas ina léirítear na tréimhsí agus na coinníollacha le haghaidh íocaíocht an úis agus aon mhuirear athfhillteach agus neamh-athfhillteach gaolmhar;
(k)
i gcás inarb infheidhme, na muirir i leith cuntas éigeantach amháin nó níos mó a choinneáil ar bun ina ndéantar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh, na muirir i leith modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, aon mhuirear eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú;
(l)
an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha mar is infheidhme tráth thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;
(m)
rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;
(n)
i gcás inarb infheidhme, ráiteas go mbeidh táillí nótaire iníoctha;
(o)
i gcás inarb infheidhme, na hurraí agus an t-árachas a cheanglaítear;
(p)
cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar, an tréimhse tarraingt siar, i gcás inarb infheidhme, agus coinníollacha eile lena rialaítear feidhmiú an chirt sin, lena n-áirítear an meán marthanach atá le húsáid don fhógra dá dtagraítear in Airteagal 26(5), an chéad fhomhír, pointe (a), faisnéis maidir leis an oibleagáid atá ar an tomhaltóir a leagtar amach in Airteagal 26(5), an chéad fhomhír, pointe (b), an caipiteal a tarraingíodh anuas agus an t-ús a íoc, agus méid an úis is iníoctha in aghaidh an lae;
(q)
an cineál meáin mharthanaigh ar a roghnaíonn an tomhaltóir an méid seo a leanas a fháil:
(i)
i gcás inarb infheidhme, an meabhrúchán dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír;
(ii)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 22;
(iii)
an fhaisnéis maidir leis an athrú ar an ráta iasachta dá dtagraítear in Airteagal 23, an chéad fhomhír;
(iv)
i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 24(1) agus (2); agus
(v)
i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis maidir le comhaontú creidmheasa neamhiata a fhoirceannadh dá dtagraítear in Airteagal 28(1), an dara fomhír, agus in Airteagal 28(2);
(r)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis na cearta a leagtar amach in Airteagal 27, chomh maith leis na coinníollacha maidir leis na cearta sin a fheidhmiú;
(s)
tagairt don cheart chun aisíocaíocht luath a fháil a leagtar amach in Airteagal 29, an nós imeachta chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúiteamh a fháil agus chun míniú trédhearcach cuimsitheach a fháil faoin gcaoi a bhfuil an cúiteamh atá le díol ag an tomhaltóir leis an gcreidiúnaí le háireamh;
(t)
an nós imeachta atá le leanúint agus an ceart chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh;
(u)
an deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;
(v)
i gcás inarb infheidhme, téarmaí agus coinníollacha conarthacha eile;
(w)
ainm agus seoladh an údaráis maoirseachta inniúil;
(x)
sonraí teagmhála ábhartha soláthraithe fiach-sheirbhísí comhairleacha agus moladh don tomhaltóir dul i dteagmháil le soláthraithe den sórt sin i gcás deacrachtaí aisíocaíochta.
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í a chur san áireamh. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na cainéil éagsúla.
|
|
Airteagal 21 2.
|
I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1, an chéad fhomhír, pointe (i), déanfaidh an creidiúnaí, saor in aisce agus tráth ar bith i rith ré an chomhaontaithe creidmheasa, ráiteas cuntais i bhfoirm tábla amúchta a chur ar fáil don tomhaltóir. Léireofar sa tábla amúchta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na híocaíochtaí atá dlite agus na tréimhsí agus na coinníollacha a bhaineann le híocaíocht na méideanna sin. Beidh miondealú sa tábla amúchta freisin ar gach aisíocaíocht agus sonrófar sa mhiondealú sin an t-amúchadh caipitil, an t-ús a ríomhfar ar bhonn an ráta iasachta agus, i gcás inarb infheidhme, aon chostas breise. I gcás nach mbeidh an ráta iasachta seasta nó ina bhféadfar na costais bhreise a athrú faoin gcomhaontú creidmheasa, léireofar sa tábla amúchta, go soiléir agus go gonta, nach leanfaidh na sonraí atá sa tábla de bheith bailí ach amháin go dtí go ndéanfar an ráta iasachta nó na costais sin a athrú i gcomhréir leis an gcomhaontú creidmheasa.
|
|
Airteagal 21 3.
|
I gcás comhaontú creidmheasa faoin arb amhlaidh nach n-eascraíonn amúchadh comhfhreagrach láithreach ar an méid iomlán creidmheasa as íocaíochtaí a dhéanann an tomhaltóir, ach a úsáidtear na híocaíochtaí sin mar chaipiteal le linn tréimhsí agus faoi choinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa, áireofar sa chomhaontú creidmheasa, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ráiteas soiléir agus gonta nach ndéantar foráil sna comhaontuithe creidmheasa sin maidir le ráthaíocht go n-aisíocfar an méid iomlán creidmheasa a tharraingítear anuas faoin gcomhaontú creidmheasa, mura rud é go dtugtar ráthaíocht mar sin go sainráite.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|