+Airteagal 24 Saoráidí rótharraingthe
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.

Airteagal 24 Saoráidí rótharraingthe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.

I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingthe, ceanglóidh na Ballstáit go gcoimeádfaidh an creidiúnaí, ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa, an tomhaltóir ar an eolas go tráthrialta, uair sa mhí ar a laghad, trí ráitis chuntais, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

(a) 

an tréimhse bheacht lena mbaineann an ráiteas cuntais;

(b) 

méideanna agus dátaí na dtarraingtí anuas;

(c) 

an t-iarmhéid ón ráiteas roimhe sin, agus dáta an ráitis sin;

(d) 

an t-iarmhéid nua;

(e) 

dátaí agus méideanna na n-íocaíochtaí atá déanta ag an tomhaltóir;

(f) 

an ráta iasachta a cuireadh i bhfeidhm;

(g) 

aon mhuirear a cuireadh i bhfeidhm;

(h) 

i gcás inarb infheidhme, an t-íosmhéid atá le híoc ag an tomhaltóir.

Airteagal 24 2.
I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingthe, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, faoi mhéaduithe sa ráta iasachta nó in aon mhuirear is iníoctha, in am trátha sula dtagann an t-athrú i gceist i bhfeidhm.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear san fhomhír sin a thabhairt go tréimhsiúil ar an mbealach dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis thréimhsiúil sin sa chomhaontú creidmheasa;

(b) 

athrú i ráta tagartha is cúis leis an athrú sa ráta iasachta;

(c) 

cuirtear an ráta tagartha nua ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí;

(d) 

tá an fhaisnéis maidir leis an ráta tagartha nua le fáil freisin:

(i) 

in áitreabh an chreidiúnaí;

(ii) 

i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin ag an gcreidiúnaí, ar an suíomh gréasáin sin; agus

(iii) 

i gcás ina bhfuil feidhmchlár móibíleach ag an gcreidiúnaí, tríd an bhfeidhmchlár móibíleach sin.

Airteagal 24 3.
Ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí fógra a thabhairt don tomhaltóir ar bhealach comhaontaithe faoi gach laghdú nó cealú ar an tsaoráid rótharraingthe 30 lá ar a laghad roimh an lá a ghabhfaidh éifeacht le laghdú nó cealú iarbhír na saoráide rótharraingthe.
Airteagal 24 4.
I gcás ina ndéantar an tsaoráid rótharraingthe a laghdú nó a chur ar ceal, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí an deis a thairiscint don tomhaltóir, sula dtionscnófar na himeachtaí forfheidhmiúcháin, gan aon chostais bhreise, an méid iarbhír a tarraingíodh anuas a aisíoc go feadh mhéid an laghdaithe sin nó an chealaithe sin. Déanfar aisíocaíocht den sórt sin in 12 thráthchuid mhíosúla chomhionanna ach amháin má roghnaíonn an tomhaltóir aisíocaíocht níos luaithe a dhéanamh, ag an ráta iasachta is infheidhme maidir leis an tsaoráid rótharraingthe.
Airteagal 24 5.
Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil nó a ghlacadh maidir le hábhair a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a bhfuil saoráid rótharraingthe acu seachas iad siúd dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas