+Airteagal 25 Rótharraingt intuigthe
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
|
Airteagal 25 Rótharraingt intuigthe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
I gcás comhaontú chun cuntas reatha a oscailt, i gcás ina bhfuil féidearthacht go gceadófaí rótharraingt intuigthe don tomhaltóir, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireoidh an creidiúnaí faisnéis faoin bhféidearthacht sin sa chomhaontú sin, mar aon le faisnéis faoin ráta iasachta, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm an ráta sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta tosaigh iasachta, na muirir is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú. In aon chás, cuirfidh an creidiúnaí an fhaisnéis sin ar fáil don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chomhaontú chun cuntas reatha a oscailt, ar bhonn tráthrialta.
|
|
Airteagal 25 2.
|
I gcás rótharraingt intuigthe shuntasach is faide ná tréimhse míosa, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas gan mhoill, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chomhaontú chun cuntas reatha a oscailt, maidir leis na nithe uile seo a leanas:
(a)
an rótharraingt intuigthe;
(d)
aon phionós, muirear nó ús ar riaráistí is infheidhme;
Ina theannta sin, i gcás rótharraingt intuigthe thráthrialta, déanfaidh an creidiúnaí seirbhísí comhairleacha a thairiscint don tomhaltóir, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, agus an tomhaltóir a atreorú saor in aisce i dtreo fiach-sheirbhísí comhairleacha.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail sa dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar an gcreidiúnaí cineál eile táirge creidmheasa a thairiscint nuair atá fad na rótharraingthe intuigthe suntasach.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí fógra a thabhairt don tomhaltóir ar bhealach comhaontaithe nuair nach gceadaítear an rótharraingt intuigthe a thuilleadh nó nuair a laghdaítear teorainn an rótharraingthe intuigthe 30 lá ar a laghad roimh an lá a ghabhfaidh éifeacht le laghdú nó cealú iarbhír na saoráide rótharraingthe intuigthe.
|
|
Airteagal 25 5.
|
I gcás ina ndéantar an rótharraingt intuigthe a laghdú nó a chur ar ceal, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí an deis a thairiscint don tomhaltóir, sula dtionscnófar na himeachtaí forfheidhmiúcháin, gan aon chostais bhreise, an méid iarbhír a tarraingíodh anuas a aisíoc go feadh mhéid an laghdaithe sin nó an chealaithe sin. Déanfar aisíocaíocht den sórt sin in 12 thráthchuid mhíosúla chomhionanna ach amháin má roghnaíonn an tomhaltóir aisíocaíocht níos luaithe a dhéanamh, ag an ráta iasachta is infheidhme maidir leis an rótharraingt intuigthe.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil nó a ghlacadh maidir le hábhair a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a bhfuil rótharraingt intuigthe acu seachas iad siúd dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|