+Article 9 2.

Article 9 2.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint, agus easnaimh straitéiseacha á gcur san áireamh go háirithe sna réimsí seo a leanas:

(a) 

creat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír, go háirithe:

(i) 

sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a choiriúlú;

(ii) 

bearta a bhaineann le dícheall cuí custaiméara;

(iii) 

ceanglais maidir le coinneáil taifead;

(iv) 

ceanglais maidir le hidirbhearta amhrasacha a thuairisciú;

(v) 

faisnéis chruinn agus thráthúil maidir le húinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha agus comhshocruithe dlíthiúla a bheith ar fáil d’údaráis inniúla;

(b) 

cumhachtaí agus nósanna imeachta údaráis inniúla an tríú tír chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha iomchuí, chomh maith le cleachtas an tríú tír i dtaca le comhoibriú agus malartú faisnéise le húdaráis inniúla na mBallstát;

(c) 

éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas