+Airteagal 19a
---+Airteagal 19a 1.
---+Airteagal 19a 2.

Airteagal 19a

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19a 1.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a mheasúnú i ndáil le haistrithe cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó ar de thionscnamh seolta fhéinóstáilte iad. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta maolaitheacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí sainaitheanta. Ar na bearta maolaitheacha sin, áireofar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) 

bearta rioscabhunaithe a dhéanamh chun tionscnóir nó tairbhí an aistrithe arna dhéanamh chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trí spleáchas ar thríú páirtithe;

(b) 

faisnéis bhreise a éileamh maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na gcripteashócmhainní arna n-aistriú;

(c) 

faireachán leanúnach feabhsaithe a dhéanamh ar na hidirbhearta sin;

(d) 

aon bheart eile chun na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú agus a bhainistiú chomh maith leis an riosca nach gcuirfear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme agus go seachnófar iad agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata.

Airteagal 19a 2.
Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint chun na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú, lena n-áirítear na critéir agus na modhanna chun céannacht thionscnóir nó thairbhí an aistrithe arna dhéanamh chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte a shainaithint agus a fhíorú, go háirithe trí spleáchas ar thríú páirtithe, agus na forbairtí teicneolaíochta is déanaí á gcur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas