+Article 30 9.
|
Article 30 9.
In imthosca eisceachtúla a bheidh le leagan síos sa dlí náisiúnta, más rud é go ndéanfadh an rochtain dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 5 an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin, nó imeaglaithe, nó más rud é gur mionaoiseach an t-úinéir nó go bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí de, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúine ón rochtain sin ar an bhfaisnéis go léir nó cuid di i dtaca leis an úinéireacht thairbhiúil ar bhonn cás ar chás. Áiritheoidh Ballstáit go ndeonófar na díolúintí seo ar athbhreithniú mionsonraithe ar chineál eisceachtúil na gcúinsí. Déanfar na cearta chun athbhreithniú riaracháin ar an gcinneadh díolúine agus ar leigheas breithiúnach éifeachtach a ráthú. Ballstát a bhfuil díolúintí deonaithe aige, foilseoidh sé sonraí staitistiúla bliantúla maidir le líon na ndíolúintí a deonaíodh agus na cúiseanna a luadh agus déanfaidh siad na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún. Ní bheidh feidhm ag díolúintí a dheonófar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, ná maidir leis na heintitis faoi oibleagáid amhail dá dtagraítear i bpointe 3(b) d’Airteagal 2(1) arb oifigigh phoiblí iad.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|