+Article 31 1.

Article 31 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiontaobhais agus cineálacha eile comhshocruithe dlíthiúla amhail, inter alia, fiducie, cineálacha áirithe Treuhand nó fideicomiso, i gcás ina bhfuil struchtúr nó feidhmeanna atá comhchosúil le hiontaobhais ag na comhshocruithe sin. Sainaithneoidh na Ballstáit na saintréithe chun a chinneadh an bhfuil struchtúr nó feidhmeanna ag comhshocruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais i dtaca le comhshocruithe dlíthiúla den sórt sin a rialaítear faoina ndlí.

Ceanglóidh gach Ballstát go ndéanfaidh iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite a bheidh á riar sa Bhallstát sin faisnéis leordhóthanach, chruinn agus chothrom le dáta a fháil agus a shealbhú maidir leis an úinéireacht thairbhiúil i leith an iontaobhais. Beidh ar áireamh san fhaisnéis sin aitheantas:

(a) 

an tsocraitheora (na socraitheoirí);

(b) 

an iontaobhaí (na n-iontaobhaithe);

(c) 

an chosantóra (na gcosantóirí) (más ann dóibh);

(d) 

na dtairbheoirí nó aicme na dtairbheoirí;

(e) 

aon duine nádúrtha eile a bhfuil rialú éifeachtach ar an iontaobhas á fheidhmiú aige.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sáruithe ar an Airteagal seo faoi réir bearta nó smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas