Article 48 1a.
Chun comhar éifeachtach, agus go háirithe malartú faisnéise, a éascú agus a chur chun cinn, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún liosta d’údaráis inniúla na n-eintiteas faoi oibleagáid a liostaítear in Airteagal 2(1), lena n-áirítear a sonraí teagmhála. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh an fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún de bheith cothrom le dáta. Foilseoidh an Coimisiún clár de na húdaráis sin agus a sonraí teagmhála ar a shuíomh gréasáin. Feidhmeoidh na húdaráis sa chlár, laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí, mar phointe teagmhála d’údaráis inniúla chontrapháirtí na mBallstát eile.
►M2
Feidhmeoidh údaráis mhaoirseachta airgeadais na mBallstát mar phointe teagmhála do ÚBE chomh maith. ◄
Chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir seo a fhorfheidhmiú go leordhóthanach, éileoidh na Ballstáit go mbeidh gach eintiteas faoi oibleagáid faoi réir maoirseacht leordhóthanach, lena n-áirítear na cumhachtaí chun maoirseacht ar an láthair agus lasmuigh den láthair a dhéanamh, agus déanfaidh siad bearta riaracháin iomchuí agus comhréireacha a ghlacadh chun an cás a leigheas i gcás sáruithe.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|