|
+Airteagal 21a 1. |
Airteagal 21a 1.Máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, féachfaidh siad le formheas a fháil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Féachfaidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha eile le formheas a lorg i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar gá dóibh an Treoir seo nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite nó i gcás ina n-ainmnítear iad mar chuideachtaí atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh an grúpa ceanglais stuamachta ar bhonn comhdhlúite dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), den Airteagal seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn tráthrialta, agus in aon chás ar bhonn bliantúil, athbhreithniú ar mháthairghnóthais institiúide chun a fhíorú an ndearna an institiúid sin, an t-eintiteas a iarrann údarú de bhun Airteagal 8, nó an t-eintiteas a ainmníodh mar eintiteas atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann an grúpa ceanglais stuamachta ar bhonn comhdhlúite (“an t-eintiteas ainmnithe”), an ndearna aon cheann acu sin aon ghnóthas a shainaithint i gceart ar gnóthas é a chomhlíonann na critéir le go measfar é mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE nó mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE. Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, i gcás ina bhfuil na máthairghnóthais lonnaithe i mBallstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid, an t-eintiteas a iarrann údarú de bhun Airteagal 8 nó an t-eintiteas ainmnithe bunaithe, oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát sin i ndlúthchomhar le chéile chun an t-athbhreithniú a dhéanamh. Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha ar formheasadh iad nó atá díolmhaithe ó fhormheas sa Bhallstát a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an Airteagal seo. I gcás inar deonaíodh díolúine ó fhormheas, léireofar sa liosta an t-eintiteas ainmnithe freisin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|