+Airteagal 21a 4.

Airteagal 21a 4.

►M11  Féadfaidh an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha díolúine a lorg ó fhormheas faoin Airteagal seo, agus deonófar an díolúine sin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄

(a) 

is é príomhghníomhaíocht na cuideachta sealbhaíochta airgeadais sealúchais a fháil i bhfochuideachtaí nó, i gcás cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, is é an phríomhghníomhaíocht atá aici i dtaca le hinstitiúidí nó institiúidí airgeadais sealúchais i bhfochuideachtaí a fháil;

(b) 

níor ainmníodh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar eintitis réitigh in aon cheann de ghrúpaí réitigh an ghrúpa i gcomhréir leis an straitéis réitigh arna chinneadh ag an údarás réitigh ábhartha de bhun Threoir 2014/59/AE;

▼M11

(c) 

go n-ainmnítear fo-institiúid creidmheasa nó fochuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a formheasadh i gcomhréir leis an Airteagal seo mar fhochuideachta atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann an grúpa ceanglais stuamachta ar bhonn comhdhlúite agus go dtugtar di na hacmhainní agus an t-údarás dlíthiúil ar fad is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach;

▼M5

(d) 

níl an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach i gcinntí bainistithe, oibríochtúla nó airgeadais a bhfuil tionchar acu ar an ngrúpa a dhéanamh nó a bhfuil tionchar acu ar a fhochuideachtaí atá ina n-institiúidí nó ina n-institiúidí airgeadais;

(e) 

níl aon bhac ar mhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite.

Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha arna ndíolmhú óna bhformheas i gcomhréir leis an mír seo, ní dhéanfar iad a eisiamh ón imlíne chomhdhlúthaithe mar a leagtar síos í sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas