|
+Airteagal 21a 8. |
Airteagal 21a 8.
►M11
I gcás nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, oibreoidh an dá údarás le chéile i gcomhairliúchán iomlán chun cinntí a dhéanamh maidir le formheas, díolúine ó fhormheas agus eisiamh ón imlíne chomhdhlúthaithe dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 4a, agus maidir leis na bearta maoirseachta dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7. Ullmhóidh an maoirseoir comhdhlúthaithe measúnú ar na hábhair dá dtagraítear i míreanna 3, 4, 4a, 6 agus 7, de réir mar is infheidhme, agus cuirfidh sé an measúnú sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Déanfaidh an dá údarás gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach laistigh de 2 mhí ón dáta a bhfaightear an measúnú sin. ◄
I gcás ina ndéantar cinneadh comhpháirteach agus nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, cuirfear an cinneadh comhpháirteach chun feidhme freisin nó, i gcás ina gceadaítear é faoin dlí náisiúnta, beidh feidhm aige go díreach sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Déanfar an cinneadh comhpháirteach a dhoiciméadú agus a réasúnú go cuí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh comhpháirteach in iúl don chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó don chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha. I gcás easaontais, staonfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe ó chinneadh a dhéanamh agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE a chinneadh laistigh de 1 mhí amháin tar éis do ÚBE an t-ábhar a fháil. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse 2 mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|