|
+Airteagal 91a 6. |
Airteagal 91a 6.I gcás nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí ag na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh nó ag an bpríomhoifigeach airgeadais, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
i gcás measúnú ex ante, cosc a chur ar cheannairí den sórt sin nó oifigeach den sórt sin dul i mbun an phoist nó iad a bhaint den phost;
(b)
i gcás measúnú ex post, ceannairí den sórt sin nó oifigeach den sórt sin a bhaint, nó a cheangal ar an eintiteas iad a bhaint den phost;
(c)
ceangal a chur ar na heintitis lena mbaineann bearta iomchuí breise a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil ceannairí den sórt sin nó oifigeach den sórt sin oiriúnach don phost lena mbaineann nó go dtiocfaidh siad chun bheith oiriúnach don phost sin. A luaithe is eol aon fhíorais nua nó aon imthosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais, déanfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 5 athmheasúnú ar oiriúnacht na gceannairí sin agus an oifigigh sin, agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfaigheann an t-údarás inniúil amach go bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hoiriúnacht na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás inniúil a n-oiriúnacht a athmheasúnú. Ní cheanglófar ar na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh sin nuair a dhéantar a gconarthaí a athnuachan nó a shíneadh, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh lena mbaineann. Ar a laghad i gcás cheapadh na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh sin agus an phríomhoifigigh airgeadais sin do phoist sna heintitis dá dtagraítear i mír 5, féachfaidh na húdaráis inniúla ar cheart tréimhse uasta a shocrú a ndéanfaí an measúnú oiriúnachta a chur i gcrích lena linn. D’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse uasta sin, i gcás inarb iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|