Article 104 2.
Chun críocha phointe (j) de mhír 1, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla ceanglais maidir le tuairisciú breise nó tuairisciú níos minice a fhorchur ar institiúidí ach i gcás ceanglas ábhartha a bheith iomchuí agus comhréireach maidir leis an gcríoch dá n-éilítear an fhaisnéis agus nach faisnéis dhúblach í an fhaisnéis sin a iarrtar. Chun críocha Airteagal 97 go hAirteagal 102, measfar gur faisnéis dhúblach í aon fhaisnéis bhreise a fhéadfar a éileamh ar institiúidí i gcás inar tuairiscíodh an fhaisnéis chéanna, nó faisnéis atá mórán mar an gcéanna léi cheana féin, don údarás inniúil nó i gcás ina bhféadfaidh an t-údarás inniúil í a chur ar fáil. Ní éileoidh an t-údarás inniúil ar institiúid faisnéis bhreise a thuairisciú i gcás ina bhfuair an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin cheana féin i bhformáid atá éagsúil nó atá ar leibhéal éagsúil gráinneachta agus i gcás nach gcuirfidh an fhormáid ná an ghráinneacht éagsúil sin cosc ar an údarás inniúil faisnéis a chur ar fáil a bheidh ar comhcháilíocht agus ar comhiontaofacht leis an bhfaisnéis sin a chuirfear ar fáil ar bhonn na faisnéise breise a thuairisceofaí seachas sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|