|
+Airteagal 133 11. |
Airteagal 133 11.I gcás ina mbeadh sé mar thoradh ar shocrú nó athshocrú ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach i dtaca le haon tacar nó aon fhothacar de neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 5 faoi réir maolán um riosca sistéamach amháin nó níos mó ráta an mhaoláin um riosca sistéamach comhcheangailte atá ar leibhéal níos airde ná 3 % agus suas le 5 % maidir le haon cheann de na neamhchosaintí sin, déanfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe an Bhallstáit a shocraíonn an maolán sin tuairimí an Choimisiúin agus BERS a iarraidh san fhógra a chuirfear isteach i gcomhréir le mír 9. Laistigh de mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún faoin ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach a bheith nó gan a bheith iomchuí. Laistigh de 2 mhí tar éis an fógra sin a fháil, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim, agus tuairim BERS á cur san áireamh aige. I gcás inar tuairim dhiúltach í tuairim an Choimisiúin, comhlíonfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an Bhallstáit a shocraíonn an maolán um riosca sistéamach sin an tuairim nó tabharfaidh sé cúiseanna gan déanamh amhlaidh. I gcás inar fochuideachta de mháthairghnóthas atá bunaithe i mBallstát eile í ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach maidir léi nó leo, cuirfidh BERS agus an Coimisiún san áireamh ina dtuairimí freisin an meastar gurb iomchuí ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach a chur i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí sin. I gcás nach n-aontaíonn údaráis na fochuideachta agus an mháthairghnóthais faoi ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach is infheidhme i leith na hinstitiúide sin agus i gcás tuairim dhiúltach ón gCoimisiún agus ó BERS araon, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an t-ábhar a tharchur chuig ÚBE agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Cuirfear ar fionraí an cinneadh ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach a shocrú maidir leis na neamhchosaintí sin go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag ÚBE. Chun críocha na míre seo, má aithnítear ráta maoláin um riosca sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134, ní chuirfear san áireamh é sin le haghaidh na dtairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|