+Airteagal 134 Aitheantas a thabhairt do ráta maolánach um priacal sistéamach
---+Airteagal 134 1.
---+Airteagal 134 2.
---+Airteagal 134 3.
---+Airteagal 134 4.
---+Airteagal 134 5.

Airteagal 134 Aitheantas a thabhairt do ráta maolánach um priacal sistéamach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 134 1.
Féadfaidh Ballstáit eile aitheantas a thabhairt do ráta maolánach um priacal sistéamach arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 133 agus féadfaidh siad an ráta sin a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre i dtaca leis na risíochtaí atá lonnaithe sa Bhallstát ina socraítear an ráta sin.
Airteagal 134 2.
I gcás ina dtugann na Ballstáit aitheantas do ráta maolánach um priacal sistéamach i gcomhair institiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh siad fógra do BERS. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig ÚBE agus chuig an mBallstát lena socraítear an ráta maolánach um priacal sistéamach sin gan mhoill.
Airteagal 134 3.
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le haitheantas a thabhairt do ráta maolánach um priacal sistéamach, cuirfidh Ballstát san áireamh an fhaisnéis a thíolaic an Ballstát a shocraíonn an ráta sin i gcomhréir le hAirteagal 133(9) agus (13).
Airteagal 134 4.
I gcás ina dtugann Ballstáit aitheantas do ráta maolánach um priacal sistéamach i gcomhair institiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre, féadfaidh an maolán um priacal sistéamach agus an maolán um priacal sistéamach a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 a charnadh, ar choinníoll go dtugtar aghaidh ar rioscaí éagsúla leis na maoláin sin. I gcás ina dtugtar aghaidh leis na maoláin ar na rioscaí céanna, ní bheidh feidhm ach ag an maolán is airde.
Airteagal 134 5.
Féadfaidh Ballstát a shocraíonn ráta maolánach um priacal sistéamach i gcomhréir le hAirteagal 133 den Treoir seo a iarraidh ar BERS moladh a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 do Bhallstát amháin nó níos mó a fhéadfaidh an ráta maolánach um priacal sistéamach a aithint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas