|
+Airteagal 16a 3. |
Airteagal 16a 3.Má chinneann an t-údarás réitigh go bhfuil an t-eintiteas fós sa chás dá dtagraítear i mír 1 naoi mhí tar éis fógra faoi chás mar sin a fháil ón eintiteas, déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin má chinneann an t-údarás réitigh, tar éis dó measúnú a dhéanamh, go gcomhlíontar dhá cheann de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
(a)
tarlaíonn an cliseadh mar gheall ar shuaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú na margaí airgeadais, as a n-eascraíonn strus forleathan sa mhargadh airgeadais in an-chuid deighleoga de na margaí airgeadais;
(b)
an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (i), ní hamháin go mbíonn luaineacht mhéadaithe i bpraghas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe an eintitis nó costais bhreise don eintiteas mar gheall air, ach chomh maith leis sin dúntar na margaí go hiomlán nó go páirteach, rud a chuireann cosc ar an eintiteas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint ar na margaí sin;
(c)
feictear go mbaineann dúnadh na margaí dá dtagraítear i bpointe (b) ní hamháin leis an eintitis sin amháin ach le roinnt eintiteas eile freisin;
(d)
leis an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (a) toirmisctear an t-eintiteas i dtrácht go leor ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint chun an sárú a leigheas;
(e)
eascraíonn éifeachtaí iarmharta diúltacha as feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 do chuid den earnáil baincéireachta, rud a d'fhéadfadh an bonn a bhaint de chobhsaíocht airgeadais. Nuair a bhíonn an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don údarás inniúil maidir lena chinneadh agus míneoidh sé a mheasúnú i scríbhinn. Gach mí, déanfaidh an t-údarás réitigh a mheasúnú an athuair i dtaobh an féidir an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|