+Airteagal 33a An chumhacht oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí
---+Airteagal 33a 1.
---+Airteagal 33a 2.
---+Airteagal 33a 3.
---+Airteagal 33a 4.
---+Airteagal 33a 5.
---+Airteagal 33a 6.
---+Airteagal 33a 7.
---+Airteagal 33a 8.
---+Airteagal 33a 9.
---+Airteagal 33a 10.
---+Airteagal 33a 11.
|
Airteagal 33a An chumhacht oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33a 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag na húdaráis réitigh, ar dhul i gcomhairle do na húdaráis sin leis na húdaráis inniúla, a fhreagróidh ar bhonn tráthúil, aon oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a fhionraí, de bhun aon chonartha inar páirtí an institiúid nó an-t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1), i gcás ina sásaítear na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
táthar tar éis cinneadh a dhéanamh, faoi phointe (a) d'Airteagal 32(1), go bhfuil ag cliseadh ar an institiúid nó eintiteas nó ar dóigh dóibh cliseadh;
(b)
níl fáil láithreach ar aon bheart de chuid na hearnála príobháidí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 32(1) a choiscfeadh loiceadh na hinstitiúide nó an eintitis;
(c)
meastar gur gá an chumhacht fionraíochta a fheidhmiú d'fhonn nach rachaidh dálaí airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis chun donachta a thuilleadh; agus
(d)
tá feidhmiú na cumhachta fionraí:
(i)
riachtanach chun gur féidir teacht ar an gcinneadh dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1); nó
(ii)
riachtanach chun gur féidir gníomhaíochtaí réitigh iomchuí a roghnú nó chun gur féidir ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí réitigh a chur chun feidhme go héifeachtúil.
|
|
Airteagal 33a 2.
|
Ní bheidh feidhm ag an gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i leith oibleagáídí íocaíochta nó seachadtaite maidir leo seo a leanas:
(a)
córais gona n-oibreoirí arna n-ainmniú i gcomhréir le Treoir 98/26/CE;
(b)
contrapháirtithe lárnacha arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus contrapháirtithe lárnacha de chuid tríú tír arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;
Déanfaidh na húdaráis réitigh raon na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shocrú de réir cúinsí gach aon chás. Go sonrach, déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú cúramach ar a iomchuí atá sé an fionraí a shíneadh chun go gcuimseofar faoi taiscí is incháilithe de réir an tsainmhínithe atá i bpointe (4) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE, go mór mór chun go gcuimseofar faoi taiscí faoi chumhdach de chuid daoine nádúrtha, micrifhiontar, agus fiontar beag agus meánmhéide.
|
|
Airteagal 33a 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh na húdaráis réitigh a áirithiú, i gcás ina bhfeidhmítear an chumhacht fionraíochta i leith taiscí is incháilithe, go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar shuim iomchuí as na taiscí sin gach lá.
|
|
Airteagal 33a 4.
|
Beidh an tréimhse fionraíochta a ghearrfar de bhun mhír 1 chomh gearr agus is féidir agus ní sháróidh sí an íostréimhse is gá, dar leis an údarás réitigh, chun na gcríoch a shonraítear i bpointe (c) agus (d) de mhír 1, ná ní mhairfidh sí, i ngach cás, níos faide ná an tréimhse ó fhoilsiú an fhógra fionraíochta de bhun mhír 8 go huair an mheán oíche sa Bhallstát ina bhfuil údarás réitigh na hinstitiúide nó an eintitis ar an gcéad lá gnó eile ó foilsíodh an fógra. Ach a dté in éag an tréimhse fionraíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, scoirfidh an fhionraíocht d'éifeacht a bheith aici.
|
|
Airteagal 33a 5.
|
Agus cumhachtaí á bhfeidhmiú acu dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh aird ag na húdaráis réitigh ar an iarmhairt a d'fhágfadh feidhmiú na cumhachta sin ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais agus tabharfaidh siad dá n-aire na rialacha reatha náisiúnta, agus na cumhachtaí maoirseachta agus breithiúnacha, chun go gcosnófar cearta na gcreidiúnaithe agus go dtabharfar an chóir chéanna dóibh sna gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Beidh aird ag na húdaráis réitigh, go háirithe, ar an bhféidearthacht imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta a chur i bhfeidhm ar an institiúid nó ar an eintiteas i ngeall ar an gcinneadh atá i bpointe (c) d'Airteagal 32(1) agus déanfaidh siad pé socruithe a mheasann siad is iomchuí leis chun comhordú leordhóthanach a áirithiú leis na húdaráis náisiúnta riaracháin nó bhreithiúnacha.
|
|
Airteagal 33a 6.
|
Nuair a chuirfear ar fionraí oibleagáidí íocaíochta nó seachadta faoi chonradh de bhun mhír 1, cuirfear oibleagáidí íocaíochta nó seachadta chontrapháirtithe an chonartha sin ar fionraí le linn na tréimhse céanna.
|
|
Airteagal 33a 7.
|
Oibleagáid íocaíochta nó seachadta a bheadh dlite le linn na tréimhse fionraíochta, beidh sí dlite láithreach ach a dté an tréimhse sin in éag.
|
|
Airteagal 33a 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis réitigh scéala chuig an institiúid nó chuig an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) agus chuig na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) d'Airteagal 83(2) gan mhoill tráth a mbeidh a gcumhacht fionraíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á feidhmiú acu i dtaca le hoibleagáidí áirithe ón uair a chinnfear go bhfuil an institiúid ag cliseadh nó ar dóigh di cliseadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 32(1)(a) agus sula nglacfar an cinneadh réitigh. Foilseoidh an t-údarás réitigh féin, nó áiritheoidh sé go gcuirfear á foilsiú, an t-ordú nó an ionstraim lenar cuireadh ar fionraí na hoibleagáidí faoin Airteagal seo, mar aon le téarmaí agus tréimhse na fionraíochta, ar an dóigh dá dtagraítear in Airteagal 83(4).
|
|
Airteagal 33a 9.
|
Tá an tAirteagal seo gan dochar do na forálacha atá i ndlí náisiúnta na mBallstát lena dtugtar de chumhacht oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a chur ar fionraí sula ndéantar cinneadh gur institiúidí nó eintitis atá ag cliseadh na hinstitiúidí nó na heintitis sin nó gur dóigh dóibh cliseadh faoi phointe (a) d'Airteagal 32(1) nó sula ndéantar cinneadh oibleagáidí íocaíochta nó seachadta institiúidí nó eintitis atá le foirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta a fhionraí,agus a théann thar an raon feidhme agus an ré dá bhforáiltear sa nAirteagal seo. Déanfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an raon fheidhme, an ré agus na coinníollacha dá bhforáiltear sna dlithe náisiúnta ábhartha. Na coinníollacha dá bhforáiltear san airteagal seo, ní dochar iad do na coinníollacha a bhaineann leis na cumhachtaí íocaíochta nó oibleagáidí seachadta a chur ar fionraí,
|
|
Airteagal 33a 10.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh, nuair a fheidhmíonn údarás réitigh cumhacht fionraíochta i leith oibleagáidí íocaíochta nó seachadta i dtaca le hinstitiúid nó le heintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go bhfuil an t-údarás réitigh in ann, le linn ré na fionraíochta sin, an chumhacht a fheidhmiú freisin, le linn ré na fionraíochta sin:
(a)
chun creidiúnaithe urraithe na hinstitiúide nó an eintitis a theorannú i dtaca le leasanna urrúis a fhorfheidhmiú i dtaca le haon cheann de shócmhainní na hinstitiúide nó an eintitis sin, ar feadh na tréimhse céanna, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 70(2)(3) agus (4)s; agus
(b)
chun cearta chun foirceanta aon pháirtí a bhfuil conradh aige leis an institiúid nó an eintiteas sin a chur a fhionraí, ar feadh na tréimhse céanna, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 71(2 go (8).
|
|
Airteagal 33a 11.
|
Agus cinneadh déanta ag an údarás réitigh go bhfuil institiúid nó eintiteas ag cliseadh nó ar dóigh dóibh cliseadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 32(1), má tharlaíonn sé go bhfuil an t-údarás réitigh tar éis an chumhacht a fheidhmiú i leith oibleagáidí íocaíochta nó seachadta fhionraí sna cúinsí a leagtar amach i mír 1 nó 10 den Airteagal seo, agus má ghlactar gníomhaíocht réitigh dá éis sin i leith na hinstitiúide nó an eintitis sin, ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh a chuid cumhachtaí faoi Airteagal 69(1), Airteagal 70(1) nó Airteagal 71(1) i leith na hinstitiúide nó an eintitis sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|