+Airteagal 44a Dliteanais incháilithe fo-ordaithe a dhíol le cliaint mhiondíola
---+Airteagal 44a 1.
---+Airteagal 44a 2.
---+Airteagal 44a 3.
---+Airteagal 44a 4.
---+Airteagal 44a 5.
---+Airteagal 44a 6.
---+Airteagal 44a 7.
|
Airteagal 44a Dliteanais incháilithe fo-ordaithe a dhíol le cliaint mhiondíola
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 44a 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh díoltóir dliteanas incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas pointe (b) d'Airteagal 72a(1), agus míreanna (3) go (5) d'Airteagal 72b den Rialachán sin, na dliteanais sin a dhíol le cliant miondíola, mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin ar choinníoll go sásaítear na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá tástáil oiriúnachta curtha i gcrích ag an díoltóir i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE;
(b)
tá an díoltóir sásta, bunaithe ar an tástáil dá dtagraítear i bpointe (a), go n-oireann na dliteanais incháilithe sin don chliant miondíola sin;
(c)
tá doiciméadú déanta ag an díoltóir ar an oiriúnacht i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE.
In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) go (c) den fhomhír sin i dtaca le díoltóirí ionstraimí eile a cháilíonn mar chistí dílse nó mar dhliteanais in-fhortharrthála.
|
|
Airteagal 44a 2.
|
I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus nach airde ná EUR 500 000 punann ionstraimí airgeadais an chliaint miondíola sin tráth a gceannófar, áiritheoidh an díoltóir, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh an cliant miondíola ar fáil i gcomhréir le mír 3, go sásófar an dá choinníoll seo a leanas tráth a gceannófar:
(a)
i dtaca leis an méid comhiomlán a infheistíonn an cliant miondíola sna dliteanais dá dtagraítear i mír 1, ní airde sin ná 10 % de na dliteanais atá i bpunann ionstraimí airgeadais an chliaint sin;
(b)
is fiú EUR 10 000 , ar a laghad, méid na hinfheistíochta tosaigh sin in ionstraim dliteanais amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 44a 3.
|
Soláthróidh an cliant miondíola faisnéis chruinn don díoltóir maidir le punann ionstraime airgeadais an chliaint, lena n-áirítear aon infheistíocht i ndliteanais dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 44a 4.
|
Chun críocha mhír 2 agus mhír 3, áireofar i bpunann ionstraime airgeadais an chliaint miondíola taiscí in airgead tirim agus ionstraimí airgeadais, ach eiseofar aon ionstraim airgeadais a tugadh mar chomhthaobhacht.
|
|
Airteagal 44a 5.
|
Gan dochar d'Airteagal 25 de Threoir 2014/65/AE, agus de mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit íos-suim a leagan síos dar luach EUR 50,000, ar a laghad, i gcás na ndliteanas dá dtagraítear i mír 1, á chur san áireamh dóibh dálaí agus cleachtais an mhargaidh sa Bhallstát sin mar aon leis na bearta reatha cosanta tomhaltóirí laistigh de dhlínse an Bhallstáit réamhráite.
|
|
Airteagal 44a 6.
|
I gcás nach airde ná EUR 50 billiún luach foriomlán na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 1(1) atá bunaithe i gceann de na Ballstáit agus iad faoi réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e, is ceadmhach don Bhallstát sin, de mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 5 den Airteagal seo, gan ach na ceanglais a leagtar amach i mír 2(b) den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 44a 7.
|
Ní cheanglófar ar na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar dhliteanais dá dtagraítear i mír 1 arna n-eisiúint roimh … [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|