|
+Airteagal 45f 3. |
Airteagal 45f 3.Féadfaidh údarás réitigh fochuideachta nach eintiteas réitigh é cur i bhfeidhm an Airteagail seo ar an bhfochuideachta a tharscaoileadh i gcás:
(a)
ina bhfuil an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh bunaithe sa Bhallstát céanna agus gur cuid den aon ghrúpa réitigh amháin iad;
(b)
ina gcomhlíonann an t-eintiteas réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e;
(c)
nach ann do bhac ábhartha praiticiúil nó dlíthiúil, ná bac intuartha, ar an eintiteas réitigh cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras leis an bhfochuideachta i dtaca lena ndearnadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 59(3), go háirithe nuair a dhéantar gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh;
(d)
ina sásaíonn an t-eintiteas réitigh an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le toiliú an údaráis inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó nach mbaineann tábhacht ar bith leis na rioscaí san fhochuideachta;
(e)
cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhas agus meastóireachta riosca eintitis réitigh na fochuideachta freisin;
(f)
tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh an eintitis réitigh nó tá sé de cheart ag an eintiteas réitigh formhór comhaltaí chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|