|
+Airteagal 45g Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach |
Airteagal 45g Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnachAirteagal 45g Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach Féadfaidh an t-údarás réitigh cur i bhfeidhm Airteagal 45f maidir le comhlacht lárnach nó institiúid chreidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a tharscaoileadh, go páirteach nó go hiomlán, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)
tá na hinstitiúidí creidmheasa agus an comhlacht lárnach faoi réir maoirseacht ag an aon údarás inniúil amháin agus tá siad bunaithe san aon Bhallstát amháin agus is cuid den ghrúpa réitigh céanna iad;
(b)
is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus a institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí credimheasa buanchleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;
(c)
déantar faireachán ar an íoscheanglas le haghaidh chistí dílse agus dhliteanais incháilithe, agus ar shócmhainneacht agus leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí creidmheasa buanchleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;
(d)
i gcás tarscaoileadh maidir le hinstitiúid creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, beidh sé de chumhacht ag bainistíocht an chomhlachta lárnaigh treoracha a atheisiúint do bhainistíocht na n-institiúidí buanchleamhnaithe;
(e)
comhlíonann an grúpa réitigh ábhartha an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e(3); agus
(f)
ní ann d'aon bhac ábhartha, praiticiúil ná dlíthiúil reatha ná intuartha maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcomhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe leis i gcás réitigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|