|
+Airteagal 45l 2. |
Airteagal 45l 2.Le cois na tuarascála bliantúla dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh ÚBE, gach trí bliana, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar na nithe seo a leanas:
(a)
tionchar an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, agus aon leibhéil chomhchuibhithe den íoscheanglas sin atá beartaithe, ar na nithe seo a leanas:
(i)
margaí airgeadais go ginearálta agus margaí i gcomhair fiacha neamhurraithe agus díorthach go háirithe;
(ii)
samhlacha gnó agus struchtúir cláir chomhardaithe institiúidí, go háirithe a bpróifíl chistiúcháin agus a straitéis chistiúcháin, agus an struchtúr dlíthiúil agus oibríochtúil grúpaí;
(iii)
brabúsacht institiúidí, go háirithe an costas a bhaineann lena gcistiú;
(iv)
imirce neamhchosaintí chuig eintitis nach bhfuil faoi réir maoirseacht stuamachta;
(v)
nuálaíocht airgeadais;
(vi)
leitheadúlacht ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, mar aon le cineál agus indíoltacht na n-ionstraimí sin.
(vii)
iompar glactha riosca institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1);
(viii)
leibhéal ualaithe sócmhainní institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear in i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1);
(ix)
na gníomhartha a dhéanann institiúidí nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1)chun na híoscheanglais a chomhlíonadh agus, go háirithe, an méid a comhlíonadh na híoscheanglais trí shócmhainní a dhíluamhánú, fiacha fadtéarmacha a eisiúint agus caipiteal a chruinniú; agus
(x)
leibhéal iasachtaithe ag institiúidí creidmheasa, agus fócas faoi leith ar iasachtú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, údaráis áitiúla, rialtais réigiúnacha agus eintitis earnála poiblí agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna oifigiúla árachais creidmheasa onnmhairiúcháin;
(b)
idirghníomhaíocht na n-íoscheanglas leis na ceanglais cistí dílse, leis an gcoibhneas luamhánaithe agus leis na ceanglais leachtachta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE;
(c)
acmhainneacht na n-institiúidí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1) caipiteal nó cistiú a thógáil ar na margaí chun aon íoscheanglais chomhchuibhithe atá beartaithe a chomhlíonadh; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|