+Airteagal 45m 1.

Airteagal 45m 1.

De mhaolú ar Airteagal 45(1), cinnfidh na húdaráis réitigh idirthréimhsí iomchuí d'institiúid nó d'eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) na ceanglais in Airteagal 45e agus in Airteagal 45f a chomhlíonadh nó ceanglais atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) ó Airteagal 45b(7), a chomhlíonadh, mar is iomchuí. Is é an spriocdháta do na hinstitiúidí agus na heintitis na ceanglais atá in Airteagal 45e nó in Airteagal 45f a chomhlíonadh, nó ceanglais de bharr chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2024.

Cinnfidh an t-údarás réitigh spriocleibhéal idirmheánach do na ceanglais atá in Airteagail 45e nó 45f, nó do cheanglas atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7) mar is iomchuí, nach mór d'institiúidí nó d'eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) a chomhlíonadh ar an 1 Eanáir 2022. Is ceart, de ghnáth, go n-áiritheofaí leis na leibhéil sprice idirmheánaí méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe ionsar an cheanglas.

Féadfaidh an t-údarás réitigh idirthréimhse a leagan síos a dtagann deireadh léi tar éis 1 Eanáir 2024 i gcás ina mbeidh údar cuí leis agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

forbairt staid airgeadais an eintitis;

(b) 

go bhféadfaidh an t-eintiteas a áirithiú go gcomhlíonfar laistigh de thréimhse ama réasúnta na ceanglais in Airteagal 45e nó Airteagal 45f nó ceanglas atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7); agus

(c) 

pé acu an mbeidh an t-eintiteas in ann dliteanais a chur in ionad dliteanas nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta ná aibíochta a leagtar síos in Airteagal 72b agus 72c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó in Airteagal 45b nó Airteagal 45f(2) den Treoir seo a thuilleadh, agus mura mbeidh, agus mura bhfuil, cibé acu an bhfuil an neamhábaltacht sin neamhghnách nó an bhfuil sé mar thoradh ar shuaitheadh ar fud an mhargaidh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas