+Airteagal 9 Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
|
Airteagal 9 Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir le cur chun cinn na trédhearcachta, na simplíochta agus na cothroime sa mhargadh do tháirgí airgeadais tomhaltóra nó do sheirbhísí airgeadais tomhaltóra ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
▼M8
(a)
bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, forbairt na gcostas cuir i gcás, agus forbairt sheirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;
▼M8
(aa)
athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;
(ab)
(ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir a shainaithint go tráthúil;
▼B
(b)
athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh um litearthacht agus oideachas i gcúrsaí airgeadais ag na húdaráis inniúla;
(c)
caighdeáin oiliúna a fhorbairt don tionscal; agus
(d)
rannchuidiú le forbairt rialacha coiteanna um nochtadh faisnéise; agus
▼M8
(e)
cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais;
(f)
forbairtí breise a chothú i leith rialála agus maoirseachta a d’fhéadfadh comhchuibhiú níos doimhne agus comhtháthú níos doimhne ar leibhéal an Aontais a éascú;
(g)
gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil a chomhordú, más infheidhme.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Féadfaidh an tÚdarás rabhaidh a eisiúint freisin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht airgeadais ina bagairt thromchúiseach ar na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1(5).
|
|
Airteagal 9 4.
|
Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
19
) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bheith ina mbreathnóirí sa Choiste freisin.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargú dáileadh nó díol táirgí, uirlisí nó gníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh díobháil shuntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuí agus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméar, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc. Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh an seasann sé leis an gcinneadh sin. Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|