|
+Airteagal 35a 10. |
Airteagal 35a 10.Féadfaidh an tÚdarás agus BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), agus na húdaráis inniúla, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás, BCE mar a thagraítear dó in Airteagal 4, pointe (2)(i), nó an t-údarás inniúil a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí aonair, ná, i gcás inarb é an tÚdarás nó BCE a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair, a shainaithint;
(b)
rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint. Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|