+Airteagal 5c Bearta i gcomhair gnéithe áirithe chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3agus O4a chinneadh

Airteagal 5c Bearta i gcomhair gnéithe áirithe chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3agus O4a chinneadh

Airteagal 5c

Bearta i gcomhair gnéithe áirithe chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 a chinneadh

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta a leanas a ghlacadh:

(a) 

modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4 maidir lena dtionchar ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú leictreachais agus raonta tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí;

(b) 

ceanglais theicniúla maidir le feistí infheithicle a fheistiú chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh agus míleáiste mótarfheithiclí chatagóirí M2, M3, N2 agus N3, agus chun pálasta nó meáchan iomlán feithiclí lena gcomhlíontar na saintréithe a leagtar amach i bpointe (a), (b), (c) nó (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) agus a gcónaisc le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4, lena n-áirítear tarchur sonraí idir feithiclí laistigh de chónasc, a chinneadh agus a thaifeadadh, de réir mar is gá;

(c) 

modheolaíocht chun raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú fuinnimh feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a chinneadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13a.

▼M3 —————

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas