|
+Airteagal 9 Éicilipéad an AE a dhámhachtain agus téarmaí agus coinníollacha a úsáide ---+Article 9 1. ---+Article 9 2. ---+Article 9 3. ---+Article 9 4. ---+Article 9 5. ---+Article 9 6. ---+Article 9 7. ---+Article 9 8. ---+Article 9 9. ---+Article 9 10. ---+Article 9 11. ---+Article 9 12. ---+Article 9 13. |
Airteagal 9 Éicilipéad an AE a dhámhachtain agus téarmaí agus coinníollacha a úsáideAirteagal 9 Éicilipéad an AE a dhámhachtain agus téarmaí agus coinníollacha a úsáide 1. Aon oibreoir ar mian leis Éicilipéad an AE a úsáid, déanfaidh sé iarratas chuig na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
(a)
i gcás ina dtionscnaíonn táirge i mBallstát aonair, déanfar an t-iarratas a thíolacadh do chomhlacht inniúil de chuid an Bhallstáit sin;
(b)
i gcás ina dtionscnaíonn táirge san fhoirm chéanna i roinnt Ballstát, féadfar an t-iarratas a thíolacadh do chomhlacht inniúil i gceann de na Ballstáit sin;
(c)
i gcás ina dtionscnaíonn táirge in áit lasmuigh den Chomhphobal, déanfar an t-iarratas a thíolacadh do chomhlacht inniúil in aon cheann de na Ballstát ina bhfuil an táirge le cur ar an margadh nó inar cuireadh an táirge ar an margadh. 2. Is san fhoirm a thaispeántar in Iarscríbhinn II a bheidh Éicilipéad an AE. Ní fhéadfar Éicilipéad an AE a úsáid ach amháin i dtaca le táirgí a chomhlíonann critéir Éicilipéad an AE is infheidhme maidir leis na táirgí lena mbaineann agus ar dámhadh Éicilipéad an AE ina leith. 3. Sna hiarratais, sonrófar sonraí teagmhála iomlána an oibreora chomh maith leis an ngrúpa táirgí i dtrácht agus beidh tuairisc iomlán iontu ar an táirge chomh maith le gach faisnéis eile a iarrfaidh an comhlacht inniúil. Beidh gach doiciméad ábhartha ag gabháil leis na hiarratais, de réir mar a shonraítear sa bheart ábhartha ón gCoimisiún lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE i gcomhair an ghrúpa táirgí i dtrácht. 4. Déanfaidh an comhlacht inniúil a ndéanfar iarratas chuige táillí a mhuirearú i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Beidh sé de choinníoll a ghabhann le húsáid Éicilipéad an AE go mbeifear tar éis na táillí a íoc in am cuí. 5. Laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear iarratas, seiceálfaidh an comhlacht inniúil lena mbaineann an bhfuil an doiciméadacht iomlán agus tabharfaidh sé fógra don oibreoir. Féadfaidh an comhlacht inniúil an t-iarratas a dhiúltú má mhainníonn an t-oibreoir an doiciméadacht a chomhlánú laistigh de shé mhí ón dáta a dtabharfar an fógra sin. Ar choinníoll go bhfuil an doiciméadacht iomlán agus go mbeidh sé fíoraithe ag an gcomhlacht inniúil go gcomhlíonann an táirge critéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais um measúnú arna bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 8, sannfaidh an comhlacht inniúil uimhir chlárúcháin don táirge. Is iad na hoibreoirí a íocfaidh costais na tástála agus an mheasúnaithe maidir le critéir Éicilipéad an AE a chomhlíonadh. Féadfar costais taistil agus costais chóiríochta a mhuirearú ar na hoibreoirí i gcás ina bhfuil gá le fíorú ar an láthair lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an comhlacht inniúil bunaithe. 6. I gcás ina gceanglófar le critéir Éicilipéad an AE go gcomhlíonfaidh na saoráidí táirgeachta ceanglais áirithe, comhlíonfar na ceanglais sin sna saoráidí uile ina monaraítear an táirge ar a bhfuil Éicilipéad an AE. I gcás inarb iomchuí, gabhfaidh an comhlacht inniúil fíoruithe ar an láthair air féin nó sannfaidh sé gníomhaire údaraithe chun na críche sin. 7. Tabharfaidh na comhlachtaí inniúla aitheantas tosaíochta do thástálacha atá creidiúnaithe i gcomhréir le ISO 17025 agus d'fhíoruithe a dhéanfaidh comhlachtaí atá creidiúnaithe faoi chaighdeán EN 45011 nó faoi chaighdeán idirnáisiúnta coibhéiseach. Comhoibreoidh na comhlachtaí inniúla le chéile d'fhonn a chinntiú go ndéanfar na nósanna imeachta um measúnú agus um fhíorú a chur chun feidhme go héifeachtach agus go comhsheasmhach, go háirithe trí bhíthin na meithle dá dtagraítear in Airteagal 13. 8. Déanfaidh an comhlacht inniúil conradh le gach oibreoir, ar conradh é ina gcumhdófar téarmaí úsáide Éicilipéad an AE (lena n-áirítear forálacha maidir le hÉicilipéad an AE a údarú agus a tharraingt siar, go háirithe tar éis athchóiriú na gcritéar). Chuige sin, úsáidfear conradh caighdeánach i gcomhréir leis an teimpléad atá in Iarscríbhinn IV. 9. Ní fhéadfaidh an t-oibreoir Éicilipéad an AE a chur ar an táirge ach amháin tar éis an conradh a dhéanamh. Ina theannta sin cuirfidh an t-oibreoir an uimhir chlárúcháin ar an táirge ar a bhfuil Éicilipéad an AE. 10. Déanfaidh an comhlacht inniúil a bheidh tar éis Éicilipéad an AE a dhámhachtain ar tháirge fógra ina thaobh sin a thabhairt don Choimisiún. Bunóidh an Coimisiún clár coiteann agus nuashonróidh sé go rialta é. Beidh an clár sin ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin a bheidh tiomnaithe d'Éicilipéad an AE. 11. Féadfar Éicilipéad an AE a úsáid ar na táirgí ar dámhadh Éicilipéad an AE orthu agus ar an ábhar fógraíochta gaolmhar a úsáidtear ina leith. 12. Beidh dámhachtain Éicilipéad an AE gan dochar do cheanglais chomhshaoil nó do cheanglais eile rialála de chuid dhlí an Chomhphobail nó an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le céimeanna éagsúla de shaolré an táirge. 13. Maidir leis an gceart chun Éicilipéad an AE a úsáid, ní shínfidh sé chuig úsáid Éicilipéad an AE mar chuid de thrádmharc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|