+Airteagal 12 Éicilipéad an AE a chur chun cinn
---+Article 12 1.
---+Article 12 2.
---+Article 12 3.

Airteagal 12 Éicilipéad an AE a chur chun cinn

Airteagal 12

Éicilipéad an AE a chur chun cinn

1.  Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhar leis an BAEÉ, plean gníomhaíochta sonrach a aontú chun úsáid Éicilipéad an AE a chur chun cinn tríd na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

gníomhaíochtaí méadaithe feasachta agus feachtais faisnéise agus feachtais phoiblí oideachais do thomhaltóirí, do tháirgeoirí, do mhonaróirí, do mhórdhíoltóirí, do sholáthraithe seirbhíse, do cheannaitheoirí poiblí, do thrádálaithe, do mhiondíoltóirí agus don phobal i gcoitinne,

(b) 

rannpháirtíocht sa scéim a spreagadh, go háirithe maidir leis na FBManna;

agus, ar an dóigh sin, tabharfar tacaíocht d'fhorbairt na scéime.

2.  Féadfar cur chun cinn Éicilipéad an AE a dhéanamh trí láithreán gréasáin Éicilipéad an AE ar a soláthrófar faisnéis bhunúsach agus ábhair fógraíochta faoi Éicilipéad an AE, agus faisnéis faoi na háiteanna ina bhféadfar táirgí Éicilipéad an AE a cheannach, i dteangacha uile an Chomhphobail.

3.  Spreagfaidh na Ballstáit úsáid an ‘Lámhleabhar d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí’, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, pointe 5. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit breithniú, mar shampla, i dtaobh spriocanna a shocrú maidir le táirgí a cheannach a chomhlíonann na critéir a shonraítear sa Lámhleabhar sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 12 1.

Member States and the Commission shall, in cooperation with the EUEB, agree on a specific action plan to promote the use of the EU Ecolabel by:

(a) 

awareness-raising actions and information and public education campaigns for consumers, producers, manufacturers, wholesalers, service providers, public purchasers, traders, retailers and the general public,

(b) 

encouraging the uptake of the scheme, especially for SMEs,

thus supporting the development of the scheme.

Article 12 2.
Promotion of the EU Ecolabel may be undertaken via the EU Ecolabel website providing basic information and promotional materials on the EU Ecolabel, and information on where to purchase EU Ecolabel products, in all Community languages.
Article 12 3.
Member States shall encourage the use of the ‘Manual for authorities awarding public contracts’, as specified in Annex I, Part A, point 5. For this purpose, Member States shall consider, for example, the setting of targets for the purchasing of products meeting the criteria specified in that Manual.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas