|
+Airteagal 7 3. |
Airteagal 7 3.D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, beidh an Gréasán freagrach as na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
moltaí a ullmhú agus comhairle a thabhairt d’institiúidí an Aontais i ndáil le gach gné d’fhorbairt agus de chur chun feidhme beartas agus rialacha Aontais maidir le himscrúduithe sábháilteachta agus maidir le tionóiscí agus teagmhais a chosc;
(b)
cur chun cinn a dhéanamh i leith pháirtiú na faisnéise atá úsáideach le haghaidh sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú agus comhar struchtúrtha a chur chun cinn go gníomhach idir údaráis um imscrúdú sábháilteachta, an Coimisiún, EASA agus údaráis náisiúnta eitlíochta sibhialta;
(c)
“athbhreithnithe piaraí”, gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha agus cláir um fhorbairt scileanna do na himscrúdaitheoirí a chomhordú agus a eagrú, i gcás inarb iomchuí;
(d)
na dea-chleachtais maidir le himscrúdú sábháilteachta a chur chun cinn d’fhonn modheolaíocht imscrúdaithe sábháilteachta Aontais chomhchoiteann a fhorbairt agus fardal de na dea-chleachtais sin a tharraingt suas;
(e)
cumas imscrúdaithe na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta a neartú, go háirithe trí chreat do pháirtiú acmhainní a fhorbairt agus a bhainistiú;
(f)
cúnamh iomchuí a sholáthar, ar iarraidh na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta chun Airteagal 6 a chur chun feidhme, lena n-áirítear liosta na n-imscrúdaitheoirí, an trealaimh agus na n-inniúlachtaí atá ar fáil i mBallstáit eile agus a d’fhéadfadh an t-údarás a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aige a úsáid, ach gan a bheith teoranta dó sin;
(g)
rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, agus anailís a dhéanamh ar na moltaí sábháilteachta a bheidh ann d’fhonn moltaí sábháilteachta tábhachtacha a mbeidh ábharthacht uile-Aontais ag baint leo a shainaithint; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|