+Airteagal 13h Coimircí nós imeachta i ndáil le cinntí maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
---+Airteagal 13h 1.
---+Airteagal 13h 2.

Airteagal 13h Coimircí nós imeachta i ndáil le cinntí maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13h 1.
D’ainneoin Airteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2019/942, sula ndéanfaidh sí aon chinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil faoi Airteagal 13g den Rialachán seo, tabharfaidh an Ghníomhaireacht deis do na daoine a bhfuil sé ar intinn aici cinneadh den sórt sin a dhíriú chucu éisteacht a fháil maidir leis na torthaí ón nGníomhaireacht. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine lena mbaineann a mbarúil a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh an Ghníomhaireacht a cinntí.
Airteagal 13h 2.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn an imscrúdaithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar na doiciméid sin i gcomhad na Gníomhaireachta atá ábhartha don chinneadh ón nGníomhaireacht an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, faoi réir leas dlisteanach daoine eile agus a rúin ghnó á gcosaint acu. Ní chuimseofar faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid na Gníomhaireachta sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas